Posted on

Is i gcónaí deacair dom an colún a oscailt. Is é an topaic an rud is éascaí, ach is deacair an plé neamhfhoirmiúil a dhéanamh. 

Ba mhaith liom bheith chinnte i gcónaí go bhfuil an-suim ag an léitheoir agus go bhfuil an topaic tábhachtach go leor don léitheoir dul i mbun oibre sa chéad áit, go háirithe mar gheall ar an nGaeilge álainn atá againn.

Cén fáth a bhfuil sé seo tábhachtach?

Is é mo thuairim go bhfuil muid mar Chógaiseoirí, i measc na ngairmithe cúram sláinte is mó a bhfuil brú oibre orainn. 

Is beag ama atá fágtha le chaithfeadh ar ghnéithe eile den phost mar léitheoireacht nó forbairt ghairmiúil, gan bac ar rudaí níos lú cosúil le hearraí a léamh in irisí spéisiúil.

Ach, cad atá suimiúil?  Is ábhar spéisiúil é an t-aire atá agat. Is féidir leis a bheith ina alt mar seo nó fiú ábhar amháin. Cad iad na hábhair a bhfuil spéis ag daoine iontu a roghnaigh Cógaisíocht mar ghairm?

De gnáth bíonn an suim acu san eolaíocht . Faigheann dea-chomhrá ar réimsí nua agus forbartha na heolaíochta agus na gcógas a bhfuil  ag dul chun cinn. Ach is dóigh liom go bhfuil go leor alt ar an eolaíocht, cad faoi airgead? Is ábhar maith comhrá é airgead mar is féidir é a bheith bainteach le gnó i gcónaí. Fadhb amháin leis an abhar seo áfach,  is annamh a bhíonn dea sceal againn faoi airgead agus chuireann se sin droch aoibh ar an léitheoir.

Mar sin, céard faoi na daoine atá muid ag freastail orthu? Is maith an rud é eispéiris a roinnt agus foghlaim óna chéile. Ach arís is dóigh liom go bhfuil go leor alt ann thanna féin.

Le sin, tháinig mé leis an ceist seo – cad é a theastaíonn ó Chógaiseoirí a léamh? Is é an freagra, níl aon fhreagra ceart ann. 

Tá cógaiseoirí, (maraon le gach duine eile)  ag iarraidh alt a léamh, féachaint ar sheó nó éisteacht le ceol a bhfuil a n-aird acu ann. Is gairmithe oilte iad cógaiseoirí a bhfuil mórán suime acu, san eolaíocht, san leigheas, san eacnamaíocht agus na daoine. Tá suim againn ann go léir.

Mar sin, sna míonna amach romhainn ba mhaith liom an doiciméad a phlé a chuimsíonn na gnéithe seo go léir agus a thaispeánann dúinn conas gníomhú go gairmiúil agus go heiticiúil, an Cód Iompair. Tabharfaidh mé mo thuairim agus an chiall a bhainimse as an scéal.