Ról an Chógaiseora san Éigeandáil Dhomhanda
Mar chógaiseoir caithimid an lá ar fad ag plé agus ag déanamh cinneadh. Ó am go ham athraíonn sé seo, ag brath ar freagracht an chógaiseora. Tagann eolas nó tuarastail chugainn. Agus bunaithe ar an eolas seo tagann muid ar an réiteach is oiriúnaí. Braitheann todhchaí an t-othar ar cháilíocht an cinneadh.
An athríonn sé seo le linn eipidéim cosúil le COVID? Ní dóigh liom. Ní mór dúinn fós, cinneadh a dhéanamh bunaithe ar an eolas atá romhainn. Ach faraor, níl taithí againn leis an víreas seo. Cé chomh beag nó mór an cinneadh mar gheall gur éigeandáil dhomhanda atá i gceist tá baol ag baint gach uair.
Mar chógaiseoir ní mór dúinn eolas cruinn, simplí agus éifeachtach a chur ar fáil don phobail. Tá contúirt ann go bhfuil an méid sinn eolas mícheart ar an idirlín agus ar na tablóid. Dá bharr sin tá mearbhall ar an bpobail agus tá dualgas orainn an t-eolas ceart a roinnt. Braitheann daoine orainn. Ní amháin go bhfuilimid ard-oilte, ach tá deis acu labhairt linn i suíomh príobháideach agus compordach.
Is é oideachas an freagra. Caithfimid úsáid a bhaint as ár scileanna, ár dtimpeallacht agus muinín an t-othar chun moill a chur ar ghalar. Éist leis an gceist agus déan cinnte go dtugann tú freagra dóibh. Is víreas é seo agus mar is eol dúinn scaipeann víreas. Ní féidir linn stop a chur leis an cheann seo. Mar sin féin, má tá an pobal níos eolach beidh siad níos sláintiúla. Mar chógaiseoir táimid i gcónaí ag lorg ról lárnach is deis é seo don ghairm.